Tuarascáil Speisialta 116 - An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní - Dul chun cinn maidir le cuspóirí a bhaint amach faoi mar a bhí cúrsaí ag deireadh 2021

Bunaíodh an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) i mí na Nollag 2009 mar chuid lárnach de fhreagairt an Stáit ar ghéarchéim bhaincéireachta 2008.  Sonraítear cuspóirí agus feidhmeanna GNBS san Acht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 2009.  Ba é an bunsmaoineamh ná go bhfaigheadh GNBS iasachtaí a bhain le maoin ó na bainc thráchtála, na hiasachtaí agus an chomhthaobhacht ghaolmhar — maoin den chuid is mó — a shealbhú agus a bhainistiú agus ar deireadh thiar na sócmhainní sin go léir a dhiúscairt ar bhealach a chosain leasanna an Stáit.  Scoirfeadh GNBS de bheith ann ansin.

Ceanglaítear le halt 226 d'Acht GNBS ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste measúnú a dhéanamh gach trí bliana ar a mhéid atá dul chun cinn déanta ag GNBS i dtreo a chuspóirí foriomlána a bhaint amach.  Is í seo an ceathrú tuarascáil ar dhul chun cinn agus breithnítear inti dul chun cinn GNBS maidir lena chuspóirí a bhaint amach go dtí deireadh 2021.

Iasachtaí agus fiachas gaolmhar GNBS

D'íoc GNBS €31.8 billiún san iomlán chun iasachtaí a bhaineann le maoin a fháil ó chúig institiúid airgeadais.  Cistíodh an éadáil trí fhiachas sinsearach ráthaithe (€30.2 billiún) agus fofhiachas (€1.6 billiún) a eisiúint.

Mar thoradh ar dhíolacháin iasachta/sócmhainní den chuid is mó, laghdaíodh luach iarmhéideanna iasachta féichiúnaí GNBS ó €28 billiún ag deireadh 2010 go dtí thart ar €715 mhilliún faoi dheireadh 2021.  Bhí na hiasachtaí iarmharacha urraithe go príomha ag sócmhainní atá lonnaithe in Éirinn.

Leag GNBS síos spriocanna maidir le fuascailt fiachais.  Bhain sé amach a sprioc tosaigh maidir le €7.5 billiún dá fhiachas a fhuascailt faoi dheireadh 2013, agus sháraigh sé go mór an sprioc €15.5 billiún a fhuascailt faoi dheireadh 2016.  Aisíocadh an fiachas sinsearach ar fad faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2017 agus fuasclaíodh an fofhiachas €1.6 billiún go hiomlán i mí an Mhárta 2020.

Aisghabháil costas

Seachas glanchaillteanas a tabhaíodh in 2010, an chéad bhliain a bhí sé i mbun oibre, ghin GNBS glanbhrabús gach bliain.  Cuspóir straitéiseach a leag Bord GNBS síos ba ea aisghabháil na gcostas go léir gan dul i muinín tuilleadh iasachtaithe.  Chomhlíon GNBS an cuspóir sin.  Ag deireadh 2021, thuairiscigh an GNBS tuilleamh coimeádta iomlán de €1.8 billiún.  Tharla sé sin tar éis aistriú iomlán de €3 billiún chuig an Státchiste in 2020 agus 2021.  Amhail Meitheamh 2022, tá barrachas saolré de €4.5 billiún ag an GNBS.

Ráta toraidh

Tá cuspóir reachtúil ag GNBS an toradh airgeadais is fearr is féidir a bhaint amach don Stát. 

Is méadrach feidhmíochta caighdeánach é an ráta inmheánach toraidh (IRR) d'infheistíochtaí a bhaineann le maoin.  Níl sprioc IRR leagtha síos ag GNBS dá chuid oibríochtaí.

Nuair a bhí GNBS ag fáil na n-iasachtaí, réamh-mheas sé na sreafaí airgid a rabhthas ag súil leo thar shaolré na n-iasachtaí agus lascainigh sé na sreafaí airgid ag meánráta 5% chun na luachanna fála iasachta a bhaint amach.  Dá dtarlódh na sreafaí airgid díreach mar a bhí réamh-mheasta ag an am, bheadh IRR de 5% ginte ag GNBS ar a infheistíocht.

Ag deireadh 2021, ríomhadh gurbh ionann an IRR réamh-mheasta ar oibríochtaí foriomlána GNBS agus thart ar 6.7%.

Bainistíocht féichiúnaí agus díol iasachta

In 2010/2011, fuair GNBS iasachtaí féichiúnaí na mbanc rannpháirteach le parluach arbh fhiú €74.4 billiún san iomlán iad ar chostas €31.8 billiún, arb ionann é agus lascaine 57%.  Ina dhiaidh sin, d'eagraigh sé na hiasachtaí ó na bainc éagsúla ina naisc féichiúnaithe, chun críocha bainistíochta.

Le linn an iniúchta ar na ráitis airgeadais do 2021, tugadh faoi deara go raibh díolachán iasachtaí a bhain le dhá chuideachta curtha i gcrích ag GNBS, le parluach €10.46 milliún ar chomaoin €265,000, i.e., lascaine 97.5% ar an bparluach.  Fuair GNBS na hiasachtaí ar lascaine 49%, agus mar thoradh ar dhíol na n-iasachtaí, tabhaíodh caillteanas beagán faoi bhun €6 mhilliún do GNBS.  Ní raibh na hiasachtaí curtha ar an margadh go hoscailte roimh an díol, mar a éilítear de ghnáth faoi bheartas díola iasachta GNBS.

Chuimsigh an chomhthaobhacht le haghaidh na n-iasachtaí 14 aonad chónaithe áitithe, 28 n-aonad chónaithe neamhchríochnaithe, agus seacht gceapach talún arbh ionann iad agus 20.9 heicteár san iomlán a raibh stádas pleanála éagsúil acu, agus bhí gach ceann acu i suíomhanna áitiúla in Éirinn.

Go dtí Deireadh Fómhair 2018, rinne na féichiúnaithe na sócmhainní maoine a bhainistiú.  Tar éis tús a chur le himeachtaí forfheidhmiúcháin ar chuir na féichiúnaithe go láidir ina gcoinne, cheap GNBS glacadóir ar na sócmhainní.  Dúirt GNBS gur éirigh an glacadóir as le héifeacht ó mhí na Bealtaine 2020, toisc gur thit díol féideartha 18 dteach neamhchríochnaithe agus 3.2 heicteár le húdarás áitiúil as a chéile agus toisc nach raibh sé in ann gníomhaire díolacháin a aimsiú chun na maoine a mhargú.

Ar leithligh, choimisiúnaigh GNBS luacháil deisce neamhspleách ar na sócmhainní a bhí fágtha.  Sa tuarascáil luachála, cuireadh luach margaidh iomlán €1.3 milliún i leith na sócmhainní sin, ach sonraíodh inti 'nach dócha go mbainfear amach na luachanna sin choíche nó go ndiúscrófaí na tailte fad is a leanann na bagairtí agus an t-imeaglú ar aghaidh'.1 Dúirt na luachálaithe nach molfaidís go ndéanfadh an glacadóir iarracht na sócmhainní sin a dhíol, mar nár measadh iad a bheith indíolta.  Thug na luachálaithe faoi deara freisin nach dócha go gceannódh infheisteoir airgid na sócmhainní sin agus go nglacfadh sé le dlíthíocht agus imeaglú/bagairtí a d'fhéadfadh a bheith ann, le haghaidh toradh chomh híseal sin.

Ina dhiaidh sin, rinne na féichiúnaithe tairiscint a mbeadh socrú oibleagáidí an dá chuideachta le GNBS ar €265,000 i gceist léi, trí dhíol iasachta, agus mar chúiteamh air sin scaoilfeadh GNBS an t-urrús thar na maoine comhthaobhachta go léir.  Ba é díol na n-iasachtaí le cuideachta nuachorpraithe a thuig GNBS a bheith á cur chun cinn agus á cistiú ag gaol teaghlaigh leis na féichiúnaithe, nach raibh ina fhéichiúnaí de chuid GNBS.

Lorgaíodh agus fuarthas ceadú Bhord GNBS maidir leis na téarmaí díolacháin a bhí beartaithe.  Leagadh amach sa pháipéar chuig an mBord an réasúnaíocht a bhí leis an díol iasachta a mholadh, á lua go raibh an díol iasachta a bhí beartaithe níos fearr ná na roghanna malartacha a bhí ar fáil.

1 Níor cuireadh síos sa tuarascáil ar aon chásanna sonracha de bhagairtí agus imeaglú líomhnaithe

Maoin tráchtála

In 2014, ghlac GNBS cuspóir tánaisteach maidir le forbairt cóiríochta oifige i mBaile Átha Cliath a éascú.

Nuair a ceadaíodh scéim pleanála Chrios Forbartha Straitéisí Dhugthailte Bhaile Átha Cliath in 2014, bhí leas ag GNBS i 75% den talamh a bhí fós le forbairt sa chrios.  Cheadaigh Bord GNBS plean gnó straitéiseach do na suíomhanna.  Níor áiríodh sa phlean gnó spriocanna foirmiúla maidir leis na cuspóirí sonraithe.

Ag deireadh na bliana 2021, bhí 84% den achar suímh a raibh spéis ag GNBS ann i bhforbairtí a rangaíodh mar fhorbairtí críochnaithe agus/nó díolta.  Faoi dheireadh 2022, ní raibh ach suíomh amháin ina raibh leas ag GNBS - arb ionann é agus 3% den sprioc-achar foriomlán - neamhfhorbartha.  Thángthas ar chomhaontú sealadach chun an suíomh eile a dhíol.

In 2017, ceadaíodh scéim pleanála Chrios Forbartha Straitéisí an Phoill Bhig Thiar.  Cuimsíonn an Crios Forbartha Straitéisí roinnt suíomhanna tionsclaíocha, lena n-áirítear dhá shuíomh mhóra chóngaracha atá daingnithe do GNBS.  I mí an Mheithimh 2021, fuair cuibhreannas forbartha scairsheilbh 80% sa chuideachta ar leis na suíomhanna ar €200 milliún.  Coinníonn GNBS scairsheilbh mhionlaigh 20% sa chuideachta.

Tithíocht tráchtála

In 2014, ghlac Bord GNBS le soláthar tithíochta a éascú, faoi réir inmharthanacht tráchtála mar chuspóir tánaisteach.  I mí na Samhna 2015, ghlac Bord GNBS go foirmiúil le plean seachadta aonad cónaithe ina leagtar amach an rún atá aige ".....cistiú a chur ar fáil, seachadadh 20,000 aonad tithíochta a chomhordú agus a bhainistiú faoi dheireadh 2020".  Aithníodh sa phlean gur dúshlán a bheadh ann an sprioc seachadta a bhaint amach.

Níor bhain GNBS an sprioc aschuir aonad cónaithe amach.  Amhail deireadh 2021, bhí 11,049 n-aonad curtha ar fáil aige ar shuíomhanna a bhfuil leas aige iontu.  Is ionann é sin agus seachadadh 55% den sprioc, bliain níos moille ná mar a tuaradh ar dtús.

Measann GNBS, agus faireachán á dhéanamh ar bhaint amach a sprice cónaithe de 20,000 aonad, gurb iomchuí 9,971 aonad a tógadh ar shuíomhanna a dhíolann féichiúnaithe/glacadóirí GNBS a chur san áireamh freisin.  Mar sin féin, ní comparáid 'iontamhla' é seo, toisc nár cuireadh aonaid den sórt sin san áireamh nuair a leagadh síos an sprioc bhunaidh.

I gcás gur díoladh suíomhanna, níl aon smacht ag GNBS ar cathain a fhorbraítear iad agus ní chuireann sé iasachtaí ar fáil le haghaidh tógála.  Measann GNBS go raibh sé d'acmhainn ag suíomhanna a dhíol féichiúnaithe/glacadóirí GNBS 86,000 aonad cónaithe a sheachadadh.  Ní bheadh i réamh-mheastachán GNBS go ndéanfaí 12,221 aonad cónaithe a sheachadadh ar na suíomhanna sin faoi dheireadh 2022 ach thart ar 14% dá n-acmhainn fhoriomlán mheasta.

Tithíocht shóisialta

Fuair GNBS leas i roinnt forbairtí maoine cónaithe nuair a fuair sé a chuid iasachtaí ó na hinstitiúidí rannpháirteacha.  Áiríodh leis na forbairtí sin aonaid chónaithe in go leor áiteanna agus i raon céimeanna críochnaithe.  Cé go raibh cuid de na forbairtí lonnaithe i gceantair nach raibh mórán éilimh ar thithíocht shóisialta iontu, measadh go bhféadfadh cuid eile acu freastal ar an éileamh sin.  I ndeireadh na dála, is ar na húdaráis áitiúla agus ar na comhlachtaí tithíochta ceadaithe atá an fhreagracht oiriúnacht a chinneadh.

Go dtí deireadh 2021, d'aithin GNBS 7,283 maoin chónaithe san iomlán mar réadmhaoin a d'fhéadfadh a bheith oiriúnach do thithíocht shóisialta.  Níor ghlac údaráis áitiúla agus comhlachtaí tithíochta ceadaithe ach le 37% de na tithe a tairgeadh.

Leag GNBS sprioc síos chun 2,000 aonad tithíochta sóisialta a sheachadadh faoi dheireadh 2015, agus baineadh an sprioc sin amach.  Níor leag GNBS sprioc seachadta eile síos.  Faoi dheireadh 2021, bhí 2,621 aonad san iomlán curtha ar fáil ag GNBS do thithíocht shóisialta le 66 aonad eile ag céim an chonartha agus 117 n-aonad fós á dtógáil.  Is trína fhochuideachta, Seirbhísí Maoine Cónaithe Sócmhainní Náisiúnta DAC (NARPS) atá beagán os cionn leath (51%) na tithíochta sóisialta ar fad a sholáthraíonn GNBS..  Tá sé i gceist go nglacfaidh an Ghníomhaireacht Forbartha Talún freagracht as NARPS mar chuid d’fhoirceannadh GNBS.